skip to main content

Ag tabhairt gutha do ghasúir uathacha le Gaeilge

Labhair an Dr Neasa Ní Chiaráin ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin uirlis nua chumarsáide le cabhrú le gasúir uathacha ó theaghlaigh le Gaeilge.

Mhínigh Dr Ní Chiaráin gur tháinig máthair, Julie Nic Con Iomaire a bhfuil beirt pháistí uathacha aici a chuaigh i dteagmháil le Coláiste na Trionóide le labhairt faoi na féidearthachtaí teicneolaíocha a bheadh ann uirlis den chineál seo a fhorbairt.

Forbraíodh an uirlis seo, ar a dtugar, Geabaire le cabhrú le gasúir nach bhfuil ar a gcumas labhairt nó a bhfuil teorainn ar an cumas cainte atá acu. Tá a leithéid d'uirlis ar fáil i mBéarla a úsáideann guthanna sintéise le glór a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sé uatha.

Raidió na Gaeltachta-Adhmhaidin Gormfhlaith Ní Thuairisg
Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir Adhmhaidin

Mhol Dr Ní Chiaráin Julie agus a fuinneamh; dúirt sí go bhfuil PhD ar bun anois aici sa réimse seo agus an teicneolaíocht á brú chun cinn go mór aici. Forbraíodh an teicneolaíocht thábhachtach go mbeadh daoine uathacha in ann abairtí agus coincheapanna deacra agus casta a chur in iúl ach deir Neasa go bhfuiltear go súil go mbeidh daoine eile a bhfuil bacanna cainte orthu in ann é a úsáid amach anseo freisin. Dearadh an teicneolaíocht seo leis an úsáideoir ag croílár na pleanála ach deir Ní Chiaráin go bhfuil gá le hionchur ó go leor daoine le scileanna éagsúla le seo a chur i bhfeidhm; tuismitheoirí, múinteoirí agus teiripeoirí cainte ina measc.

Tá a leithéid ar fáil i mBéarla agus deir Neasa go raibh éileamh ann do phobal na Gaeilge agus ar deireadh gur ceist comhionannais a bhí ann do theaghlaigh.

Is féidir leat Geabaire a úsáid anseo

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.