skip to main content

An tAire Cumarsáide 'ag brú Béarla' ar TG4

Labhair Aengus Ó Snodaigh, T.D. faoin moladh a bhí ag an Aire Cumarsáide, Patrick O' Donovan, duine gan Gaeilge a cheadú le bheith ar Chomhairle Lucht Féachana, TG4.

Ag caint ar a sheasamh brú ar aghaidh le leasú ar an Acht Craolacháin a cheadódh daoine gan Gaeilge a bheith ar Chomhairle Lucht Féachana TG4, dúirt an tAire go raibh sé 'tábhachtach' go raibh daoine gan Gaeilge in ann 'ról a ghlacadh' in TG4. Tá TG4 i gcoinne an athrú seo, a deir siad.

Ag caint ar na cúiseanna go raibh an t-athrú suntasach á mholadh aige, dúirt sé, 'I don't want to exclude anyone' agus shíl sé go raibh an cinneadh seo 'representative of the future'. Mhol an tAire go mbeadh cúigear gan Gaeilge a chur ar an gcomhairle.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt go mbeadh ar an gComhairle tiontú ar an mBéarla dá ndéanfaí an t-athrú seo agus dá réir, gur easaontaigh sé go láidir le tuairimí an Aire.

Aengus Ó Snodaigh, T.D.

Luaigh Ó Snodaigh go bhfuil lucht féachana TG4 ag fás le blianta beaga anuas agus go bhfuil meas mór ar an gcainéal teilifíse agus seoid chultúrtha agus nach dtuigeann sé an chúis go mbeadh an tAire ag 'brú an Bhéarla' ar TG4.

Ag leanúint leis ag caint ar theidil Ghaeilge, dúirt an tAire Cumarsáide gur 'fadhb' í an t-ainm Gaeilge ar Choimisiún na Meán i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus go raibh an baol ann go gcuirfeadh sé isteach ar obair an Choimisiúin.

Labhair duine de bhaill an Chomhairle, Ógie Ó Céilleachair, ar an gclár Adhmhaidin, faoin leasú seo agus dúirt sé 'níl aon chiall nó réasún' ag baint leis, ina thuairim. Dúirt Ó Céilleachair go mbuaileann an Chomhairle lena chéile faoi dhó ina aghaidh na bliana lena dtuairimí agus tuairimí an phobail a roinnt le TG4 trí mheán na Gaeilge. Dúirt sé go mbíonn sé ag plé le daoine ar bheagán Gaeilge, gan aon Ghaeilge agus daoine ón iasacht freisin le cinntiú go bhfaigheann TG4 aiseolas ó gach cúlra.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

'Croí na ceiste', anseo, dár le hÓgie gurb í an Ghaeilge teanga oibre na Comhairle seo agus dár ndóigh, TG4 agus dá dtabharfaí isteach daoine/ duine gan Gaeilge go mbeadh sé 'an-deacair' orthu obair na Comhairle a thuiscint. Bheadh orthu seirbhís ateangaireachta a úsáid, rud a bheadh casta agus costasach freisin.

Cé go bhfuil deireadh ag teacht le seal Ógie ar an gComhairle Lucht Féachana, dúirt sé nach mbeadh sé sásta suí ar an mbord dá mbeadh daoine gan aon Ghaeilge ann mar go bhfuil muid go minic ag géilleadh don Bhéarla agus nach bhfuil mórán áiteanna fágtha gur féidir do chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge ach seo ceann acu.