Sa tsraith nua seo, cruthaítear ceangal idir cheoltóirí Éireannacha aitheanta agus ceoltóirí ó nua phobal na hÉireann agus an ceol traidisiúnta mar uirlis chun comhrá a thosnú eatarthu.
Tagann fuaimeanna nua as na comhcheangail seo - níl ceangal ar bith níos láidre ná ceangal an cheoil chun an pobal nua seo a chur ar a suaimhneas agus iad ag cur fréamhacha síos in Éirinn.
Ceol le Chéile is a four-part music series exploring collaboration, identity and Irish culture as it evolves. Bringing together leading Irish musicians including Liam Ó Maonlaí, Aoife Ní Bhriain and Cormac de Barra with artists from migrant communities, the series celebrates music as a shared language that transcends borders.
Le linn na sraithe, beidh ceoltóirí mór le rá ar nós Liam Ó Maonlaí, Aoife Ní Bhriain, Muintir de Barra, Muintir Uí Mhaolagáin (Caoimhe agus Sarán le Muirne Nic Róibín) and Jack Talty ag nascadh le ceoltóirí agus amhránaithe; Favour Odusola, Pooja Sethi Khanna, Citadel, and Anna Stepanova, a thagann ó thíortha éagsúla; an Nigéir, an India, an tSiria, an Asarbaiseáin agus an Úcráin san áireamh.
Labhair muid le Caoimhe Ní Mhaolagáin faoina ról siúd sa chlár agus an méid a d'fhoghlaim sise as, mar cheoltóir agus mar dhuine. Labhair sí faoi na ceangail a d'aimsigh na ceoltóirí uilig, ó chosúlachtaí sa cheol go craic lena chéile, dúirt sí go raibh spraoi acu ag cur aithne acu ar a chéile. Bhí sé 'dúshlánach' ag an tús, a dúirt sí ach go raibh uirthi agus a colcheathar, Sárán Ó Maolagáin agus Muirne éisteacht go géar leis na ceoltóirí eile chun tuiscint a fháil orthu.
Rinceoir is ea Ní Mhaolagáin freisin agus luaigh sí gur teanga idirnáisiúnta é an ceol agus an rince a sháraíonn gach bac cumarsáide a bhí idir ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann agus iad siúd a raibh cúlra cultúrtha eile acu.
Ag caint ar Ceol le Chéile, dúirt Caoimhe go bhféachann sí air mar dheis do dhaoine seans a thabhairt dóibh siúd atá ag teacht nó a tháinig chun na tíre le tamall anuas. Duine de mhuintir cheolmhar Uí Mhaolagáin is ea Caoimhe agus deir sí go bhfeiceann The Cobblestone daoine ó chúlraí éagsúla ag teacht le blaiseadh a fháil do cheol na hÉireann chomh maith lena gcuid cheoil féin a roinnt linne.
Cruthaíonn siad saothair nua ceoil le chéile a tharraingíonn ar cheol traidisiúnta, amhráin & rince sean-nóis, ceol na hIndia agus cnagcheol domhanda. Léireoidh na saothair chruthaitheacha seo cumhacht an cheoil mar nasc idir phobail agus cultúir éagsúla.
Beidh na ceoltóirí ag nascadh sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath, i gCaifé Dhámh Chruinne Cheoil na hÉireann i gColáiste Luimnigh, roimh léiriú den chéad scoth a chur os ár gcomhair i gCaisleán álainn Lios Mór i bPort Láirge. Beidh an lucht féachana faoi threoir Neil Martin, ceoltóir agus cumadóir ceoil ó Bhéal Feirste a chuireann béim ar an gceol mar ghléas chun saibhreas ár gcosúlachtaí cultúrtha a nochtadh.
Déanfaidh an tsraith seo iniúchadh ar imirce agus féiniúlacht, chomh maith leis an maitheas a dhéanann an ceol don saol ag daoine agus iad ag cur fúthu i dtír nua.
Ceol le Chéile, ag tosú 25 Meán Fómhair ag 8i.n ar RTÉ One agus RTÉ Player