skip to main content

An bhfuil Gaeilge ag múinteoirí Gaeilge?

Labhair an Seanadóir, Shane Curley ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi phlé a tharla ag cruinniú an Chomhchoiste Oideachais faoin údar nach bhfuil Gaeilge ag daoine óga ag fágáil na scoile.

Dúirt an Seanadóir go bhfuil 'fadhb ollmhór' maidir le caighdeán na Gaeilge atá ag múinteoirí Gaeilge agus go bhfuil cruthúnas aige go raibh múinteoirí Gaeilge i seomraí ranga nach bhfuil in ann comhrá a bheith acu i nGaeilge. Dúirt sé nach bhfuil sé ag iarraidh aon scoil nó aon mhúinteoirí a ainmniú mar nach orthu siúd atá an locht. Luaigh sé go bhfuil an córas oideachais lochtach agus gur ar sin a bhí an locht, ní na daoine iad féin.

Tá an Seandóir den tuairim go bhfuil 'an iomarca béime ar an scríbhneoireacht agus ar an ngramadach' agus gur cheart níos mó ama agus funnimh a chaitheamh ar chúrsaí cumarsáide agus líofachta i measc na ndaltaí.

A diverse group of students actively participates by raising their hands, engaging with the teacher in a dynamic classroom environment.

Dár le Curley, tá 'teip iomlán' ar an gcóras oideachais i dtaca leis an nGaeilge mar go bhfuil páistí ag fagáil na scoile nach bhfuil in ann comhrá a bheith acu i nGaeilge. Dúirt sé gur cheart aidhm an churaclam a shoiléiriú agus díriú ar líofacht na ndaltaí seachas ar chruinneas gramadaí.

Dúirt sé freisin nach bhfuil deireadh leis an díospóireacht seo agus go bhfuil seisean diongbháilte go mbeadh Gaeilge líofa labhartha ag gach dalta scoile sa tír seo agus tá sé den tuairim gur cheart go mbeadh polasaí Gaeilge labhartha i ngach aon seomra ranga chun an sprioc sin a bhaint amach.

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.