Gach mí, roghnaítear leabhar mar leabhar na míosa ar RTÉ RnaG. An mhí seo, roghnaíodh Maith Thú, a Mhicí. Labhair muid le hEoghan Mac Giolla Bhride, foilsitheoir an leabhair.
Pléifear an leabhar ar An Cúinne Dána ar RTÉ RnaG Déardaoin agus 2.05pm
Cad a spreag thú le tabhairt faoin leabhar seo a chur i gcló arís?
Ba í an scéalaí Bríd Anna Ní Bhaoill, garneacht le Micí Sheáin Néill, a tháinig chugainn ó thús go bhfeicfeadh sí an mbeadh suim againn an leabhar a chur i gcló arís. Bhí an leabhar as cló le tamall ach bhí daoine i gcónaí ag fiosrú faoi agus ag iarraidh cóipeanna de a aimsiú mar gheall ar an tsaibhreas atá ann. Ní raibh orainn ach lúcháir a bheith ag obair ar an leabhar agus é a chur ar fáil do phobal na Gaeilge arís. Aithníonn muid gur áis iontach d'fhoghlaimeoirí é agus níl iontas go raibh an méid sin ráchairt ar an leabhar ó cuireadh amach é ar tús.
Sa chur síos den leabhar, deir sé go bhfuil daonnacht agus greann sna scéalta, an raibh iontas ort go raibh na scéalta in ann dul i bhfeidhm ar léitheoirí na linne seo?
Ní shílim go dteann na scéalta seo as dáta a choíche agus ní stopfaidh siad a chur iontas ar léitheoirí agus ar éisteoirí úra nó tá siad lán samhlaíochta agus cumadh iad mar phíosaí siamsiachta agus mar chaitheadh aimsire do dhaoine. Tá an iontas agus an draíocht go láidir sna scéalta agus músclaíonn sé sin suim daoine i gcónaí. An cineál greann atá sna scéalta tá sé dea-chroíoch agus daonna, agus tá soineantacht ag baint leis, rud a oireann go maith do dhaoine óga.
Tuigeann muid gur scéalta iad seo a athraíonn agus a bhfuil leaganach éagsúla dóibh ann. An raibh sé dúshlánach leagan amháin de na scéalta seo a aimsiú le cur i gcló?
Tá an bunleagan a chuir Seosamh Maguidhir amach i 1956 bunaithe ar thaifid a rinneadh de Mhicí ag aithris na scéalta agus chloí Maguidhir le foclaíocht agus le nathanna cainte Mhicí agus an dóigh a chur Micí na scéalta i láthair ar na taifid sin. Is cinnte go dtáinig athraithe beaga ar na scéalta agus mar a d'aithris Micí iad de réir mar a chuaigh na blianta thart, ach tá an leagan seo bunaithe ar an leagan a scríobh Seoasamh Maguidhir síos ag am faoi leith. Ní thearn muid mórán athrú ar na scéalta ach an litriú a thabhairt cothrom le dáta don fhoilseachán seo. D'úsáid muid an chéad chló den leabhar a chuir Irish News Teor. amach in 1956. Agus áit ar bith a raibh ceist againn faoi fhoclaíocht d'éist muid siar le cuid de na taifid fuaime de Mhicí ag aithris na scéalta agus atá ar fáil in áiteacha áirithe ar líne.
An dóigh leat go bhfuil ceachtanna le foghlaim ó scríbhneoirí comhaimseartha uathu siúd a bhíodh ag scéalaíocht?
Is stíl iomlán difriúil é an scéalaíocht a tugadh ar aghaidh ó bhéal go béal thar na glúnta agus an scríbhneoireacht chruthaitheach chomhaimseartha, ach tá beocht san insint ag Micí Sheáin Néill agus a leithéid atá go mór in easnamh in go leor de litríocht an lae inniu. Tá éascaíocht san insint ag Micí agus simplíocht ann atá deacair a athchruthú nó a chumadh, tá filíocht nádúrtha sa dóigh a labhair sé, leis an rithim agus smaointeoireacht a dtearn a leithéidí Seosamh Mac Grianna aithris air ina chuid scríbhneoireachta féin, go héifeachtach. Tá go leor le foghlaim ó Mhicí, líofacht, gontacht agus caint bheo fhileata ina measc agus rachainn chomh fada agus a rá go bhfuil sé riachtanach ag scríbhneoir Gaeilge ábhar mar seo a léamh le teacht ar chroí agus ar chuisle na Gaeilge.
Is féidir leat cóip den leabhar, Maith thú a Mhicí, a cheannach anseo.
Éist leis An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin ag 2.05pm