Labhair an t-amhránaí, Nan Tom Taimín de Búrca ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin Amhrán Is Ansa Linn, áit ar roghnaíodh a leagan den amhrán clúiteach, Amhrán Mhuínse.
Tá an-cháil ar Nan Tom Taimín de Búrca as a chuid amhránaíochta le fada an lá ach sin ráite, ní raibh sé ag súil leis an gcomórtas seo a thabhairt léi. Mhínigh sí ar Iris Aniar go raibh sí an-tógtha leis an smaoineamh gur an pobal a chaith vótaí ar a son.
Chuir Nan síos ar an amhrán mar cheann dá 'favourites' féin agus amhrán a chas sí 'go mion minic', ag reiligí agus in áiteanna eile. Deir sí gur shíl sí go bhfuil an t-amhrán sin speisialta mar go bhfuil an bás i ndán do chuile dhuine, 'tá an bóthar sin amach romhainn' agus dá réir, tá sé uaigneach, ach speisialta.
Toisc go mbaineann an t-amhrán seo le bás agus fear agus a bhean ag caint faoin uair go bhfaighfidís bás, deir De Búrca nach dtéann sé as dáta. Sa leagan seo a roghnaíodh, leagan a thaifead De Búrca le Cló Iar Chonnacht, tá drón curtha leis an sean-nós, ach sin uile. Sin mar is fearr le Nan an sean-nós, a deir sí, gan tionlacan ceoil.
Labhair Nan faoin tábhacht a bhaineann le 'croí agus anam' a chur isteach sna hamhráin a chasann sí. Deir sí go bhfuil Amhrán Mhuínse chomh cumhachtach sin go ndéanann sí dearmad cá háit a bhfuil sí mar go bhfuil sí ag cuimhniú ar bhrí an amhráin.
Reachtáladh feachtas Amhrán RnaG - An tAmhrán is Ansa Linn ar Cóisir Cheoil le mí anuas, agus tugadh cuireadh d'éisteoirí an t-amhrán is anseo leo a sheoladh isteach. Rinne painéal moltóirí ó chuile chearn den tír, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad, scagadh ar na céadta moltaí, agus tar éis go leor scagadh agus plé, roghnaíodh na hamhráin trí chóras márcála neamhchlaonta.
Ba iad Síle Denvir, Colm Mac Con Iomaire, Fiachna Ó Braonáin, Áine Hensey, Aoife Ní Fhearraigh, Ciarán Ó Gealbháin agus Neansaí Ní Choisdealbha a bhí ar an bpainéal moltóireachta.
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol an lucht éisteachta sa bhfeachtas #AmhránRnaG ar an gclár Cóisir Cheoil.
Is i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort a' Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh an ceolchoirm ar an gCéadaoin, an 7ú Deireadh Fómhair 2026. Beidh an ócáid seo mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ, ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, agus ceann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tá na ticéid don cheolchoirm Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn ar díol anois ag an nasc seo.