Tháinig plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe le chéile leis an Amhrán is Ansa Linn a roghnú ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, i measc siúd bhí An Chéad Ghlúin Eile a chas Óró 'Sé Do Bheatha Bhaile leis an gCeolfhoireann Coirme, RTÉ.
Chun blaiseadh a thabhairt don méid a bheidh le cloisteáil ag an gceolchoirm mhór i mí Dheireadh Fómhair, chan cuid de na ceoltóirí óga is cumasaí sa tír trí amhrán ón liosta beo ar an gclár, in éineacht leis an gCeolfhoireann. Bhí an lucht féachana faoi gheasa ag Méabh Ní Bheaglaoich, a chan leagan thar a bheith tochtmhar de Bruach na Carraige Báine, in ómós dá hathair, Séamus Ó Beaglaoich. Chan deirfiúracha ceolmhara Ráth Chairn, Máire agus Étáin Ní Churraoin leagan álainn d'Óró Sé do Bheatha 'Bhaile, agus chan Piaras Ó Lorcáin as Ard Mhacha an seanamhrán cáiliúil as Oirialla Seán Gabha.

Reachtáladh feachtas Amhrán RnaG - An tAmhrán is Ansa Linn ar Cóisir Cheoil le mí anuas, agus tugadh cuireadh d’éisteoirí an t-amhrán is anseo leo a sheoladh isteach. Rinne painéal moltóirí ó chuile chearn den tír, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad, scagadh ar na céadta moltaí, agus tar éis go leor scagadh agus plé, roghnaíodh na hamhráin trí chóras márcála neamhchlaonta.
Is i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort a' Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh an ceolchoirm ar an gCéadaoin, an 7ú Deireadh Fómhair 2026. Beidh an ócáid seo mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ, ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, agus ceann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Ba iad Síle Denvir, Colm Mac Con Iomaire, Fiachna Ó Braonáin, Áine Hensey, Aoife Ní Fhearraigh, Ciarán Ó Gealbháin agus Neansaí Ní Choisdealbha a bhí ar an bpainéal moltóireachta.
Tá na ticéid don cheolchoirm Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn ar díol anois ag an nasc seo.
Éist le Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí gach Luan go Déardaoin ó 3-5i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.