skip to main content

'Tá an náire a bhí orainn mar thír imithe' Fiachna Ó Braonáin ar an gceol Gaelach

Fiachna Ó Braonáin- Cóisir Cheoil Amhrán RnaG
Fiachna Ó Braonáin

Labhair muid le duine de mholtóirí An t-Amhrán is Ansa Linn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Fiachna Ó Braonáin faoina ról siúd sa chomórtas agus an dlúthcheangail atá aige leis an gceol.

Tá aithne againn ort mar cheoltóir agus láithreoir ceoil freisin, cad é do mheas ar an gceol Gaelach i láthair na huaire?

Mo mheas ar an gceol Gaelach anois ná go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas; tá grúpaí nua ag teacht aníos, tá meas againn i gcónaí ar na seanamhráin atá againn leis na cianta agus tá go leor cumadóireacht ar siúl i measc cheoltóirí óga, leithéidí Huartán, Kneecap, dár ndóigh. Sílim i gcoitinne go bhfuil cultúr na Gaeilge ag borradh agus ag fás, nuair a smaoiníonn muid ar an scannán An Cailín Ciúin, tá sé 'théis daoine a mhealladh i dtreo na teanga, ar bhealach an-dearfach ar fad.

Tá daoine ag cruthú ceoil i nGaeilge anois nach raibh go nuige seo, cad é a spreag iad, i do thuairim?

Tá an náire a bhí orainn mar thír agus mar náisiún, imithe. Tá muid 'théis go leor féinmhuiníne a thabhairt chun cinn arís i measc daoine cruthaitheacha agus sin a spreagann daoine i dtreo ceol i nGaeilge a chumadh. Tá an Ghaeilge spraíúil agus is linn í, is as an talamh a thagann an teanga agus sílim go bhfuil tuiscint níos doimhne ag teacht ar an bpobal ina thaobh sin, ar bhealach.

Tá moltóirí ó chúlraí éagsúla roghnaithe don Amhrán is Ansa Linn, an bhfuil tú ag súil le teannas eadraibh ag iarraidh amhrán amháin a phiocadh?

Sílim gur iontach an rud é go bhfuil moltóirí ó chúlraí éagsúla roghnaithe don Amhrán is Ansa Linn agus ní bheinn ag súil le teannas, dáiríre. Ó mo thaobh féin de, bheadh an-mheas agam ar chuile mholtóir agus go gcuireann cúlraí éagsúla le saibhreas an ruda. Beidh muid in ann breathnú níos doimhne ná an chéad amhrán ar bharr an liosta; beidh liosta fairsing, fada againn chomh maith.

Dónall Mac Ruairí- RnaG
Dónall Mac Ruairí, láithreoir An Chóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

An bhfuil tú den tuairim go bhfuil ceantar faoi leith níos láidre ná a chéile ó thaobh an cheoil de?

Bhuel, ag breathnú ar na Gaeltachtaí, tá tréithe faoi leith ag gach ceantar. Tá go leor amhrán den scoth i gConamara, tá go leor amhrán den scoth i dTír Chonaill, tá siad i nGaeltacht na Rinne, tá siad in Rath Chairn. Fiú amháin sna mionghaeltachtaí atá againn i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath, tá siad go leor cruthaitheachta ag tarlú iontu ar fad ó thaobh litríochta agus ó thaobh chultúr na teanga i gcoitinne.

Dá mbeifeá le amhránaí amháin a roghnú mar an t-amhránaí Gaelach is fearr leatsa, cé a roghnófá?

Tá sé iontach deacair amhránaí amháin a roghnú mar an t-amhránaí Gaelach is fearr, tá an oiread acu ann. Braitheann sé ar an stíl go bhfuil giúmar ort a bheith ag éisteacht leis. Smaoiním ar bheirt ar chur mé aithne ort atá ar shlí na fírinne, fear agus bean. Seán Ó Sé agus Máire Ní Bhraonáin atá i gceist agam, arbh iad siúd na hamhránaithe Gaelacha is fearr? Ní fhéadfainn a rá mar tá an oiread acu ann ach cinnte, tá an bheirt siad i mo chroí istigh, faoi láthair.

Craolfar eagrán speisialta den Chóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Ceolfhoireann Coirme RTÉ i Stiúideo 1 i nDomhnach Broc idir 3-5i.n.

Fógróidh Dónall Mac Ruairí an liosta ó 10 - 1 de na 30 amhrán is ansa leis na Gaeil, a mhol éisteoirí RnaG, agus a rinne painéal moltóirí, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad, scagadh ar na moltaí uilig.

Tá RnaG ag tabhairt cuireadh do dhaoine a bheith leo i nDomhnach Broc don chraoladh speisialta de Cóisir Cheoil ar an 23ú Meitheamh. Seol ríomhphost chuig amhranrnag@rte.ie chun do spás a chur in áirithe.