skip to main content

Bí i láthair ag an gCóisir Cheoil beo ó RTÉ

Dónall Mac Ruairí- RnaG
Dónall Mac Ruairí, láithreoir An Chóisir Cheoil ar RTÉ RnaG

Craolfar eagrán speisialta den Chóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Ceolfhoireann Coirme RTÉ, Dé Máirt seo chugainn, 23 Meitheamh i Stiúideo 1 i nDomhnach Broc idir 3-5i.n.

Fógróidh Dónall Mac Ruairí an liosta ó 10 - 1 de na 30 amhrán is ansa leis na Gaeil, a mhol éisteoirí RnaG, agus a rinne painéal moltóirí, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad, scagadh ar na moltaí uilig.

Moltóirí An Chóisir Cheoil RnaG
Moltóirí An Chóisir Cheoil RnaG

Beidh aoicheoltóirí i láthair chomh maith, a sheinnfidh amhrán nó dhó ón liosta leis an gCeolfhoireann.

Tá cúpla péire ticéad againn le bronnadh ar léitheoirí RTÉ Gaeilge.

Tá RnaG ag tabhairt cuireadh do dhaoine a bheith leo i nDomhnach Broc don chraoladh speisialta de Cóisir Cheoil ar an 23ú Meitheamh. Seol ríomhphost chuig amhranrnag@rte.ie chun do spás a chur in áirithe.