Labhair an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tuarascáil a chur sé faoi bhráid chomhchoiste na Gaeilge agus Gaeltachta faoi líon na ndaltaí a bhfuil díolúine ón nGaeilge bronnta orthu.
Tá fás 109% ar díolúintí ón nGaeilge a bhronntar ar dhaltaí iarbhunscoile ó 2017 de réir taighde nua a seoladh inniu agus tá breis agus leath na ndaltaí iar-bhunscoile a raibh díolúine acu i 2024 de bharr míchumas foghlaim ag déanamh staidéar ar theanga iasachta.
Tá an tOllamh Ó Duibhir ag obair ar scéal na ndíolúintí ón nGaeilge sa chóras oideachais le roinnt blianta anuas agus léiríonn an taighde is déanaí gur féidir le daltaí an dara teanga a fhoghlaim gan dochar a dhéanamh don chéad teanga. A mhalairt de scéal a thugtar do dhaltaí in Éirinn a bhfuil na deacrachtaí sin, a deir Ó Duibhir; deirtear leo nach féidir leo an dara teanga a fhoghlaim agus dá réir, bronntar díolúine orthu ón nGaeilge. D'fhéach an tOllamh ar thíortha eile timpeall na hEorpa ina bhfuil mionteanga iontu agus ní thugtar díolúine don dara teanga seo in aon chor ach tacaíocht bhreise i bhfoghlaim na teanga sin.

Bunaithe ar staitisticí ón Roinn Oideachais, tuarann an tOllamh Ó Duibhir go mbronnfar díolúine ar dalta amháin as gach cúigear faoin mbliain 2030, má leanann an fás ar aghaidh mar atá. D'iarr an tOllamh ar an Aire Oideachais gníomhú anois ar an bhfás as cuímse ar na díolúintí seo le deireadh a chur leis an gcóras éagórach seo.
Ní seo an chéad uair don Ollamh Ó Duibhir na moltaí seo a chur ar aghaidh chuig an Roinn ach deir sé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil cultúr 'ná bris nós agus ná déan nós' sa Roinn agus go bhfuil tábhachtach go gcuirtear fianaise an scéil os a comhair arís eile.
Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9