skip to main content

How do we solve the problem of exemptions from studying Irish?

Labhair Aengus Ó Snodaigh, TD le Sinn Féin agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chás na ndíolúintí Gaeilge san Ardteist.

A report published yesterday by the joint committee on the Irish language has recommended that Minister of Education needs to change the current approach on how exemptions from learning Irish in schools are granted.

The report suggests since 2019, when a new system was introduced it promised to make exemptions 'rare' and only in exceptional circumstances has had the opposite impact and there are now more students than ever receiving exemptions from learning Irish in post-primary schools.

The report recommends that Irish should be treated in the same way as other second languages in schools and not singled out as it is currently. In the year 2000, 3% of students availed of an exemption from studying Irish and in the year 2023, that number had risen exponentially to 12%.

Ba chóir don Aire Oideachais fáil réidh le córas na ndíolúintí don Ghaeilge amháin agus ina áit córas díolúine a chur i bhfeidhm i leith fhoghlaim an dara teanga – is cuma cén dara teanga a bheadh i gceist, sin atá molta i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Chomhchoiste Gaeilge faoi dhíolúintí don Ghaeilge.

Tá méadú tagtha ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ag leibhéal na hArdteiste ón mbliain 2019, ón uair gur tugadh isteach córas nua sna scoileanna a gheall go ndéanfadh sé rud 'annamh agus eisceachtúil' don díolúine ón nGaeilge.

Sa bhliain 2000, bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag níos lú ná 3% de dhaltaí iarbhunscoile, i gcomparáid leis an mbliain 2023, tráth a raibh díoluine faighte ag 12% den ghrúpa céanna.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste agus T.D le Sinn Féin, Aengus Ó Snodaigh go bhfuiltear ag moladh fáil réidh leis an gcóras atá ann faoi láthair mar go bhfuil sé ag teip go hiomlán ar chosaint a thabhairt don Ghaeilge sna scoileanna. Chiallódh córas nua nach bhféadfaí díolúine a fháil ón nGaeilge gan amhlaidh a fháil ó theangacha eile, rud atá ag tarlú go forleathan faoi láthair.

Chair of the joint committee, Aengus Ó Snodaigh said the report recognised that the current system is failing to protect the Irish language in the education system and needed to be addressed by the Minister.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Iar-Stiúrthóir SEALBHÚ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go bhfuil tuismitheoirí in ann litir a chuig Príomhoide na Scoile, bíodh sé ina bunscoil nó ina iarbhunscoil le cead a lorg don dalta éirí as staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, má shíleann siad go bhfuil deacrachtaí foghlama ag an dalta sin. Anuas air sin, má tá dalta i ndiaidh oideachas a fháil thar lear thuas go dtí dhá bhliain d'éag d'aois, tá siad i dteideal cur isteach ar an díolúine freisin.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 5 agus 6.