Primary School teachers can take their class on a magical journey through the hidden garden gateway to Tír na nÓg from RTÉ KIDS and learn as they go with free activity sheets to download.
The resources were produced with support from An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Bunaithe ar scéalta agus carachtair na sraithe RTÉ Tír na nÓg, cabhraíonn na bileoga seo le páistí Gaeilge a fhoghlaim trí spraoi.
Tá siad oiriúnach do ranganna naíonán agus Rang 1, agus is féidir iad a úsáid sa bhaile freisin le tacaíocht ó thuismitheorí.
Ar na bileoga seo, gheobhaidh páistí tascanna praiticiúla agus dúshláin bheaga a bhaineann leis an eipeasóid, ag spreagadh úsáid nádúrtha na teanga.
Is ábhar traschuraclam iad na bileoga agus nascann siad le Gaeilge, Mata, Ealaín agus Oideachas Sóisialta agus Imshaoil. Tá siad simplí le húsáid agus oiriúnach fiú do pháistí ar bheagán Gaeilge, le cúpla leid ó mhúinteoir nó thuismitheoir.
Leid: Léigh na treoracha i nGaeilge ar dtús, agus mínigh i mBéarla más gá.
For more great shows in Irish that you can use in the classroom visit rte.ie/kids/gaeilge.